Fiontar ar Líne
- Naisc ábhartha eile
- Réamhrá – Straitéis Dhigiteach
- Ag Dul ar Líne
- Fiontar ar Líne
- Pobail ar Líne / Seirbhísí ar Líne
- Scileanna Digiteacha
Oifig Fiontair Áitiúil
Soláthraíonn Comhairle Chontae na Gaillimhe raon tacaíochtaí tríd an Oifig Fiontair Áitiúil (LEO) d’fhiontair bheaga chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna oiriúnú don mhargadh ar líne, lena n-áirítear comhairle agus meantóireacht ghnó, oiliúnt agus dearbháin trádála ar líne. Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.
Moil Fiontair Nasctha
Tagann soláthar moil dhigiteacha agus spásanna cianoibre le straitéisí náisiúnta agus réigiúnacha, agus le tionscnaimh AE mar Smart Villages, toisc go bhfuil sé de chumas ag an mbonneagar seo rochtain a thabhairt do phobail ar na sochair a bhaineann le rochtain ardluais agus ar na deiseanna oibriú go háitiúil.
Tá moil/ionaid fiontraíochta i mBéal Átha na Sluaighe, Cluain Bheirn, Áth Cinn, An Mhainistir, An Gort agus Tuaim. Tá na háiseanna seo ceangailte le líonraí luais leathanbhanda. Ina theannta sin, osclófar moil/ionaid fiontraíochta sa Ghort, sa Chlochán agus i bPort Omna sna blianta amach romhainn. Tá Coimisiún Forbartha an Iarthair ag obair chun moil dhigiteacha ar Chonair Eacnamaíoch an Atlantaigh (AEC) a chur chun cinn faoi bhranda amháin agus chun pointe rochtana amháin ar an tseirbhís seo a chruthú ar líne. Tacóidh Comhairle Chontae na Gaillimhe le forbairt an chórais seo. Is féidir tuilleadh eolais faoi na moil i nGaillimh (agus ar fud an AEC) a fháil anseo.
Cuireann Údarás na Gaeltachta roinnt moil dhigiteacha agus áiseanna comhoibrithe ar fáil faoin mbranda gteic. Faoi láthair tá moil gteic oscailte i gCarna, ar an gCeathrú Rua, sa Spidéal agus sna Forbacha. Is féidir tuilleadh eolais maidir le gteic a fháil anseo.
Oibreoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe chun na háiseanna seo agus na féidearthachtaí a bhaineann le cianobair a chur chun cinn d’fhostaithe agus d’fhostóirí araon, agus a chur ar a gcumas poist a thabhairt ar ais chuig na pobail tuaithe.
Faigh muid ar
Facebook
Lean muid ar
Twitter
Gaeilge
agus Fáilte